Nollaig Mac Congáil

Aesop I gConamara

ISBN: 9780905223674

Available from

CIC.ie

I dtríochaidí an chéid seo caite thosaigh fear mór Gaeilge agus béaloidis darbh ainm Domhnall Ó Cearbhaill ag tarraingt ar Charna bliain i ndiaidh bliana. Le linn a chuid cuairteanna chuir sé eolas ar shaol dúchasach na ndaoine ansin agus aithne mhaith ar mhuintir na háite freisin. Bhí cáil ar Charna mar thobar na scéalaíochta agus na hamhránaíochta riamh agus thaifead Domhnall cuid mhaith de sheanchas agus de bhéaloideas an cheantair. Le Pádraic Mac Con Iomaire is mó a bhí sé ag plé agus d’fhoilsigh sé cuid mhór de stór seanchais Phádraic ar nuachtáin náisiúnta Bhéarla na hÉireann sna tríochaidí agus sna daichidí.

Cheap Domhnall gur mhaith an rud é dá mbeadh leaganacha dúchasacha Gaeilge ann d’fhabhalscéalta Aesóip agus iad á n-aithris ag seanchaí Gaeilge den scoth. Mheall sé Pádraic le tabhairt faoin obair agus seo anois toradh na hoibre sin a foilsíodh den chéad uair breis is seasca bliain ó shin ar an Evening Herald.