Cathal Ó Searcaigh

Aimsir Arsa

ISBN:

9781851320462 limited edition hardback

9781851320660 

Available from

Kennys

Book Depository

“Cnuasach tathagach is ea é i ngach slí, mórdhánta ann, mórthéamaí á n-ionramháil go maorga, an friotal is an stíl ag teacht go haoibhinn leis na téamaí ann agus ceol, a dhuine, ceol na teanga a mhúsclódh nó a shuaimhneodh an t-anam go máistriúil. Tá dánta ann a léifear go brách, fad is atá fíorfhilíocht á leamh”

– Gabriel Rosenstock (Foinse, 2012)

Glactar leis go coitianta go bhfuil An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House, 2011) ar an chnuasach filíochta is fearr a foilsíodh i nGaeilic le blianta beaga anuas. Seo anois mórchnuasach eile ó dhuine de phríomhfhilí na hÉireann.

Ó Searcaigh’s poetry is a strong indication that the Catholic/heterosexual axis of Irish identity, enshrined in the 1937 constitution, is no longer the only model of identity in town. Equally, his promotion of the Irish language is an important marker of the re-emergence of the national language as a serious player in the development of contemporary Irish poetry.

– John McDonagh (ed), A Fine Statement: An Irish Poet’s Anthology (Poolbeg, 2008)

His breaking down of stereotypes and deployment of gendered themes opened a new space in which to consider alternate sexualities within a contemporary Irish context.

– Jody Allen Randolph, Close to the Next Moment (Carcanet, 2010)

Cathal Ó Searcaigh

Ar na leabhair is déanaí uaidh tá Seal i Neipeal (Cló Iar-Chonnachta, 2004), Oíche Dhrochghealaí, dráma (Coiscéim, 2005), Mairimid Leis na Mistéirí agus Drámaí Eile (Arlen House, 2006), Gúrú i gClúidíní (Cló Iar-Chonnachta, 2006), Light on Distant Hills: A Memoir (Simon & Schuster, 2009), An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House, 2011), Pianó Mhín na bPréachán (Cló Iar-Chonnacht, 2011). Bhuaigh sé The Irish Times Literature Award i 2000 agus bronnadh The Ireland Fund Literary Award air i 2007 as feabhas a shaothair i nGaeilge. Roghnaíodh By the Hearth in Mín a’ Leá (Arc Publications, 2005) mar Poetry Book Society Recommended Translation sa Bhreatain i 2006. Is é eagarthóir Gaeilge Irish Pages é. Tá cónaí air i Mín a’ Leá faoi scáth na hEargala i dTír Chonaill. Tá sé ina bhall d’Aosdána.