Colette Nic Aodha

Bainne Géar ¦ Spoilt Milk Rogha Dánta ¦ Selected Poems

ISBN:

9781851321537

9781851321544 limited edition

Available from

Kennys

Book Depository

Amazon.com

Arlen House

An deichiú cnuasach ó dhuine de na filí is bisiúla dá bhfuil ag saothrú na Gaeilge i láthair na huaire. Bean a gcaithfimid urraim a ghéilleadh dithe agus é thar am againn é sin a dhéanamh as feabhas agus as fiúntas a cuid filíochta. Mothú, meabhraí, máistreacht; sin iad na saintréithe a shantaím san fhilíocht. Tá na dánta seo beo beathach le héirim na dtréithe sin. Seo mórchnuasach Nic Aodha, a macnamh meáite, lánléargais féin ina dtugann sí a grinneas ar shaíocht ár gcine is ina gcuireann sí a heagnaíocht sin in oiriúint do shaol ár linne. Seo a duanaire ilghabhálach; léamh an staraí, ríomh an bhaird, ris an fhísí ar a raibh ann, a bhfuil ann, a mbeidh ann. Caithfear cluas éisteachta a thabhairt di.

With their stylistic assurance and their wildly inventive imaginative flair I have no doubt but the poems of Colette Nic Aodha are invigorating the Irish language. Many of her poems are visionary meditations; meeting places where the inner being can commune with the outer world. She relates these interior journeys with a rich immediacy and an intimacy of detail which brings the reader out to the edge of the marvellous. An essential volume.

– Cathal Ó Searcaigh