Liam Ó Flaithearta

Dorchadas

ISBN: 9781851320370

Tuigeadh an dráma seo a bheith caillte le fada an lá, ach tar éis don eagarthóir an lámhscríbhinn a aimsiú i gcartlann Mheiriceánach, seo anois téacs Dorchadas tagtha chun solais den chéad uair ó stáitsíodh é in Amharclann na Mainistreach in 1926. Tragóid trí ghníomh leis an mórscríbhneoir dátheangach Liam Ó Flaithearta a rugadh in Árainn in 1896 é Dorchadas nár foilsíodh riamh go dtí anois.

Baineann Dorchadas le tréimhse i saol Uí Fhlaithearta nuair a bhí sé i mbarr a réime mar údar: Spring Sowing (1924), The Black Soul (1924), The Informer (1925), Mr. Gilhooley (1926). Ó thaobh na Gaeilge de, ba é seo an tréimhse inar scríobh sé cuid de na gearrscéalta is fearr sa teanga: ‘An Fiach’, ‘Daoine Bochta’ agus an sárscéal ‘Bás na Bó’. Tá Dorchadas ar cheann de na drámaí is conspóidí agus is tábhachtaí dá bhfuil againn sa Ghaeilge. Tá sé i gcló faoi dheireadh le réamhrá cuimsitheach a chaitheann solas nua ar shaol pearsanta Uí Fhlaithearta agus a chíorann go mion an teannas polaitiúil agus cultúrtha a bhain le scríobh agus léiriú an drama chomh maith le cinneadh an Ghúim gan é a fhoilsiú. Tá athghabháil anseo ar cheann de shaothair liteartha mhóra na drámaíochta Gaeilge le duine de shárscríbhneoirí próis na Gaeilge.