Seán Mac Mathúna

Duilleoga Tae

ISBN:

9781851321292

9781851321513 limited edition

Available from

Kennys

Book Depository

Arlen House

Baineann Duilleoga Tae le laethanta deireanacha Chogadh na gCarad i gCiarraí idir sléacht Bhaile Ó Síoda i Márta na bliana 1923 agus forógra Frank Aiken ag deireadh na Bealtaine 1923. Ag croílár an dráma seo tá dhá chogadh ar siúl: ag an macraileibhéal, tá Cogadh na gCarad ina bhfuil dhá ghrúpa pholaitiúla ag iarraidh a dtoil pholaitiúil agus a mian idé-eolaíochta a chur i bhfeidhm. Ag an​ mi​crileibhéal, tá na carachtair  ag déanamh a ndíchill a dtoil phearsanta féin a chur i bhfeidhm ar charachtair eile. Ní ceiliúradh ar chogadh ná ar fhoréigean é an dráma seo, áfach​, ach​ léiriú ar choimhlint ghnáthdhaoine a gortaíodh agus a gcaitear go dona leo agus na hiarrachtaí a dhéanann siad agus na straitéisí a úsáideann siad chun buachan i ngnáthchogadh an tsaoil.​ Ag croílár an dráma seo, tá gnáthfhadhbanna gnáthdhaoine seachas imeachtaí móra na staire

– Brian Ó Conchubhair, University of Notre Dame