Celia de Fréine

Imram / Odyssey

ISBN:

9780905223094 hardback

9781851322114 paperback

Available from

Kennys

Book Depository

Tá an cnuasach seo bunaithe go hachomair ar an seánra liteartha ‘Imram’ ina ndéantar cur síos ar aistear go domhan eile. Le linn an aistir seo cuirtear dúshlán i ndiaidh dúshláin a chaithfear a shárú faoin taistealaí.

This collection is loosely based on the Imram, an Irish literary form, which recounts a voyage to another world. During this voyage the traveller is faced with many challenges which must be overcome.

Is file, drámadóir agus scriptscríbhneoir í Celia de Fréine. Tá trí leabhar filíochta i gcló aici: Faoi Chabáistí is Ríonacha (Cló Iar-Chonnachta, 2001), Fiacha Fola (Cló Iar-Chonnachta, 2004) agus Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005). In 2009 d’fhoilsigh Arlen House dornán drámaí léi dar teideal Mná Dána. I measc na ngradam liteartha atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). Taispeánadh na gearrscannáin Lorg, Seal agus Cluiche, bunaithe ar dhánta léi, agus an scannán Marathon a scríobh sí i gcomhar le Biju Viswanath, i bhféilte in Éirinn agus i Meiriceá in 2007, 2008 agus 2009. In 2009 léirigh Living Opera, i gcomhar le Opera Ireland, taispeántas den cheoldráma The Earl of Kildare, cumtha ag Fergus Johnston, ar scríobh sí an libretto dó. Sa bhliaian chéanna chuir Amharclann na Mainistreach i láthair léiriú cleachta den dráma Casadh a coimisiúnaíodh uaithi. Tuilleadh eolais: www.celiadefreine.com

Celia de Fréine is a poet, playwright and screenwriter who writes in Irish and English. She has published three collections of poetry: Faoi Chabáistí is Ríonacha (Cló Iar-Chonnachta, 2001), Fiacha Fola (Cló Iar-Chonnachta, 2004) and Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005). Arlen House published a collection of her award-winning plays Mná Dána in 2009. Her poetry has won many awards including the Patrick Kavanagh Award (1994) and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). The short films Lorg, Seal and Cluiche, inspired by her poems, and the film Marathon, written in association with Biju Viswanath, have been shown in festivals in Ireland and the United States in 2007, 2008 and 2009. In 2009 Living Opera, in association with Opera Ireland, presented a showcase performance of the opera The Earl of Kildare, composed by Fergus Johnston, for which she wrote the libretto. In the same year the Abbey Theatre presented a rehearsed reading of the play Casadh which it had commissioned from her. Further information: www.celiadefreine.com