Celia de Fréine

Plight / Cruachás

ISBN:

9781851320592 hardback

9781851320608 paperback

Were The Midnight Court to be reconvened in this day and age, what problems would be up for discussion? What are the sexual mores that cry out for assessment by an otherworld force? This contemporary Aisling imagines an ancient but recently-discovered tribe, living on the margins of Irish society, who practise their own customs and in so doing ignore at times the rules of the country in which they are living. In trying to protect their younger generation from a society they deem out of control, parents encourage their offspring to marry within the tribe while still in their teens. The problems faced by such young people, were such a tribe to exist, are explored in this play.

Dá n-ationólfaí Cúirt an Mheán Oíche san am i láthair, céard iad na fadhbanna a bheadh le plé inti? Céard iad na nósanna gnéasacha gur chóir a mheas ag fórsa neamhshaolta? San aisling chomhaimseartha seo samhlaítear treibh ársa, a dtángthas orthu le deireanaí, a bhfuil cónaí orthu ar imeall na sochaí Éireannaí, a chleachtann a ndeasghnátha féin agus, dá réir sin, a dhéanann beagchúram de rialacha na tíre ina bhfuil cónaí orthu. Ag féachaint lena glúin óg a chosaint ó shochaí atá imithe ó smacht, dar leo, spreagann tuismitheoirí a sliocht chun pósadh laistigh den treibh agus iad fós sna déaga. Iniúchann an dráma seo na fadhbanna a mbeadh ar a leithéid d’óige aghaidh a thabhairt orthu, dá mba ann dá leithéid de threibh.

Celia de Fréine is a poet, playwright, screenwriter and librettist who writes in Irish and English. Among her collections of poetry are: Faoi Chabáistí is Ríonacha (2001) and Fiacha Fola (2004) from Cló Iar-Chonnachta; Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005); imram ¦ odyssey (2010) and Aibitír Aoise ¦ Alphabet of An Age (2011) from Arlen House. Her poetry has won many awards including the Patrick Kavanagh Award (1994) and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). She has four times won Duais an Oireachtais for best full-length play. Arlen House published three of these plays in Mná Dána (2009). In the same year the Abbey Theatre presented a rehearsed reading of her play Casadh which it had commissioned. The short films Lorg, Seal and Cluiche, inspired by her poems, have been shown in festivals in Ireland and the US. In association with Biju Viswanath, she wrote the film Marathon which won best screenplay award at the New York International Film Festival in 2009. Also in 2009 Living Opera, in association with Opera Ireland, presented a showcase performance of the opera The Earl of Kildare, composed by Fergus Johnston, for which she wrote the libretto. Further information: www.celiadefreine.com

Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine. Tá cúig leabhar filíochta i gcló aici: Faoi Chabáistí is Ríonacha (2001) agus Fiacha Fola (2004) ó Chló Iar-Chonnachta, Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005); imram ¦ odyssey (2010) agus Aibitír Aoise ¦ Alphabet of An Age (2011) ó Arlen House. I measc na ngradam liteartha atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). Bhain sí Duais an Oireachtais do dhráma ilghníomh ceithre huaire. D’fhoilsigh Arlen House trí cinn de na drámaí seo in Mná Dána i 2009. Sa bhliain chéanna chuir Amharclann na Mainistreach i láthair léiriú cleachta den dráma Casadh a coimisiúnaíodh uaithi. Taispeánadh na gearrscannáin Lorg, Seal agus Cluiche, bunaithe ar dhánta léi, i bhféilte in Éirinn agus i Meiriceá i 2007 agus 2008. I gcomhar le Biju Viswanath scríobh sí an scannán Marathon a bhain an duais don script is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Nua-Eabhrac i 2009. Sa bhliain 2009 léirigh Living Opera, i gcomhar le Opera Ireland, taispeántas den cheoldráma The Earl of Kildare, cumtha ag Fergus Johnston, ar scríobh sí an leabhróg dó. Tuilleadh eolais: www.celiadefreine.com