Deirdre Brennan

Smidhead / Makeup

ISBN: 9781851322619

Candy: Tá brón orm. Níl a fhios agam cad a tharla dom. I sárdhomhan b’fhearr liom bheith im bhanréalta scannán ag caitheamh éadaí grástúla nó bheith im thiománaí i rásanna Formula a haon. Nílim ag rá gur míbhuntáiste é bheith mar atáim ach nach mbímid go léir i gcónaí ar thóir súilíní. Bím uaigneach ó am go ham in ainneoin bhur gcairdis. Is aoibhinn liom siopadóireacht is ba bhreá liom lingerie a cheannach go hoscailte gan bheith ag breathnú thar mo ghualainn. Na rudaí go léir, a nglacann sibh leo go nádúrtha, ní mar an gcéanna dom. I sárdhomhan bheinn níos mó ar mo shuaimhneas liom féin. Ar an lámh eile dá gcloisfeadh sibh mo phearóid nuair a bhím gléasta suas chun dul amach oícheanta agus an fheadaíl a bhíonn ar siúl aici! Tá sí chomh greannmhar. I láthair na huaire táim ag múineadh Gaeilge di trí mheán na foghraíochta.

It’s ok, honey. I’m sorry. Don’t know what got into me. To answer your question, in a super world, I would choose to be born a fully-female being. That’s to say I wouldn’t have a shadow of male hormones hovering in my body. Not that it’s any disadvantage being as I am, but you girls know that I’m often lonely in spite of your friendship. I could shop wherever I liked, buy lingerie without looking over my shoulder. Do all the things you take for granted. In an ideal world I’d be more at ease with myself. And girls, if you could only hear my parrot when I’m dressed for an evening out. His cat whistles after me are a riot. Currently I’m teaching him the bit of Gaeilge phonetically.