Cathal Ó Searcaigh

Teanga Na gCorr

ISBN:

9781851321766 limited edition

9781851321773

Available from

Book Depository

Amazon.com

Arlen House

Amach anseo, nuair a dhéanfar critic chuimsitheach ar shaothar déanach Uí Shearcaigh, beidh Na Saighneáin (Arlen House, 2014) go mór faoi thrácht. Aithneofar an sean agus an nua ann, athchuairt agus talamh úr.

– Antain Mac Lochlainn, Comhar

Ar na leabhair is déanaí uaidh tá Aimsir Ársa (Arlen House, 2013), bronnadh duais an Oireachtais ar an tsaothar seo; An Fear Glas : The Green Man(Arlen House, 2015); An Bhé Ghlas (Leabhar Breac, 2016) ar bronnadh duais an Oireachtais air fosta; Lugh na Bua : The Deliverer (The Onslaught Press, Oxford, 2017); Teach an Gheafta, úrscéal (Leabhar Breac, 2018); The View from the Glen, aistí i mBéarla (The Onslaught Press, Oxford, 2018). Foilseoidh The Irish Pages Press Crann na Teanga : The Language Tree, mórchnuasach dá chuid filíochta aistrithe go Béarla ag Paddy Bushe i Samhain, 2018.