Mícheál Ó Ruairc

Treaspásóir / Trespassor

ISBN:

9781851322206

9781851322305 limited edition

Available from

Book Depository 

Arlen House

In this collection, Treaspásóir : Trespasser, Mícheál Ó Ruairc’s sixth, he scrutinises and filters his own life in great depth. Life and poetry are inextricably linked. If poetry has a function, it must address the human condition in the cosmos. It must give pleasure and open its heart to the reader. Ó Ruairc functions as an outsider and he ploughs his own furrow. The poet experiences an epiphany ‘at the boundary fence of a hop garden/down in Kent’; he listens ‘to the trance music/of Justine Suissa/at night’; he feels ‘like Oisín must have felt when/Niamh of the Golden Hair first laid eyes on him’ in the Pilgrim & George Inn in Glastonbury; he laments his father while ‘raging drunk, stumbled from room/to room in danger of splitting/my head’; he imagines ‘a posse of poets waiting patiently/on the deserted beach’ for poetic inspiration to be washed up amongst the wreckage ‘on the edge of high water’ … This fine collection is a treasure trove of poetic gemstones.

Sa chnuasach seo, an séú ceann ón bhfile, déanann sé a shaol féin a iniúchadh agus a scagadh. Tá an saol agus an fhilíocht fite fuaite ina chéile. Má tá feidhm ar bith leis an bhfilíocht, caithfidh sí freastal ar staid an duine sa chosmas. Caithfidh sí pléisiúr a thabhairt agus a croí a nochtadh don léitheoir. Feidhmíonn Ó Ruairc mar aonarán agus é ag treabhadh a iomaire féin. Bíonn eipeafáine ag an bhfile ‘ag claí teorann ghairdín leannlusanna/ i gceartlár Kent Shasana’; éisteann sé ‘le ceol trance/de chuid Justine Suissa/istoíche’; mothaíonn sé ‘mar a mhothaigh/ Oisín tráth ar leag Niamh Chinn Óir súil air’ agus é sa Pilgrim & George Inn i nGlastonbury; caoineann sé a athair agus é ‘ar deargmheisce ag tuisliú ó sheomra/go seomra i mbaol mo threascartha’; samhlaíonn sé go mbíonn ar na filí Gaeilge a bheith ‘ag fanacht go foigneach/ar an trá fholamh chun seilbh/a ghlacadh ar na hiontaisí’ a thagann isteach ar an taoide … Órchiste de sheoda filíochta atá sa chnuasach breá seo.