Ríona Níc Congáil

Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Utóipeach Ghaelach

ISBN: 9780905223773

Available from

Book Depository

Amazon.com

Winner of American Conference of Irish Studies Prize

Ghnóthaigh leagan den leabhar seo duais do shaothar próis in Oireachtas na Bliana 2010, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

Is saothar nuálaíoch é Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochana in Éirinn ó aimsir an fin de siècle ar aghaidh. Trí staidéar beathaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh, an bhean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na tréimhse sin, tugtar léargas úr ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge, agus déantar athléamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht úd, bíodh an litríocht, an spórt, cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscne i gceist. Léirítear tionchar smaointeachas an útóipeachais – a raibh borradh faoi sa naoú haois déag – ar lucht na hathbheochana agus déantar scagadh ar an gcineál útóipeachais, mar atá, an fhís útóipeach Ghaelach, a ghríosaigh leasaitheoirí sóisialta an náisiúnachais chultúrtha chun cúl a thabhairt le stair ghránna an naoú haois déag agus chun malairt todhchaí a shamhlú agus a chur chun cinn in Éirinn san fhichiú haois.