Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Nollaig Mac Congáil, Eagarthóirí

Drámaí Thús Na hAthbheochana

ISBN: 9781903631522

Available from

Kennys

Book Depository

Tréimhse iontach tábhachtach a bhí i mblianta luatha na haoise seo caite maidir le cothú an náisiúnachais (chultúrtha) agus litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann. D’imir drámaíocht na Gaeilge ról lárnach sna himeachtaí sin ar fad agus bhí sí ar an ngléas bolscaireachta ab éifeachtaí a bhí ag lucht na hAthbheochana riamh. Sa díolaim seo tá réimse fairsing de dhrámaí ilchineálacha na tréimhse sin curtha os comhair an phobail i bhfoirm sholéite le léargas breise a thabhairt ar an am cinniúnach sin.

Rugadh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh i mBaile Átha Cliath. Tá B.A. (Nua-Ghaeilge agus Spáinnis) aici ó Choláiste na Tríonóide agus M.A. (Nua-Ghaeilge) ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Faoi láthair, tá sí i mbun Ph.D. ar fhoirmeacha dúchasacha dhrámaíocht na Gaeilge agus traidisiún na n-ealaíon béil in OÉ, Gaillimh.

Rugadh Nollaig Mac Congáil i nDoire. Bhain sé B.A. agus Ph.D. amach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá sé ina bhall de Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus bhí sé mar Dhéan ar Dhámh na nDán ansin sa tréimhse 1994-2000.