Nollaig Mac Congáil, eagarthóir

Fear na Rosann: Saol agus Saothar Fhinn Mhic Cumhaill

ISBN:

9781851321490

9781851321520 limited edition

Available from

Kennys

Book Depository

Blackwells

Amazon.com

Arlen House

Bhí cáil ar na scríbhneoirí Conallacha Gaeilge sa chéad leath den aois seo caite ó thaobh na scríbhneoireachta de agus maidir lena ndearna siad ar son Athbheochan na Gaeilge i réimsí éagsúla thar na blianta. Orthu sin bhí Fionn Mac Cumhaill (1885-1965), duine nach dtráchtar air mórán anois ach a rinne a chion féin ar son na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil. Rianaítear sa leabhar seo saol siúlach, spéisiúil an údair seo agus cuirtear inár láthair saothair éagsúla leis a foilsíodh thall is abhus i gcaitheamh na mblianta. Tugann an leabhar seo breis léargais dúinn ar scoil scríbhneoireachta nagConallach agus ar an obair a rinne siad i gcomhar ar son na Gaeilge ina gCúige féin ach go háirithe.