Desire / Meanmarc

Celia de Fréine

Desire / Meanmarc

ISBN:

9781851320578 limited edition

9781851320585

Available from

Book Depository

Amazon.com

Brian Merriman wrote The Midnight Court in or around 1780. This play imagines the time in his life immediately before he laid pen to paper. In it we meet characters from his local neighbourhood, and it is given to understand that it is the neighbourhood, its people and their deeds, that inspire the poet to undertake this unique work.

Thart ar an mbliain 1780 scríobh Brian Merriman Cúirt an Mheán Oíche. Is éard atá sa dráma seo ná samhail den am sin ina shaol díreach sular leag sé peann ar pár. Castar muintir a cheantair dhúchais orainn ann agus tugtar le fios gurb é an ceantar, a dhaoine agus a ngníomhartha siúd a spreagann an file chun tabhairt faoin saothar uathúil seo.

Celia de Fréine is a poet, playwright, screenwriter and librettist who writes in Irish and English. Among her collections of poetry are: Faoi Chabáistí is Ríonacha (2001) and Fiacha Fola (2004) from Cló Iar-Chonnachta; Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005); imram ¦ odyssey (2010) and Aibitír Aoise ¦ Alphabet of An Age (2011) from Arlen House. Her poetry has won many awards including the Patrick Kavanagh Award (1994) and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). She has four times won Duais an Oireachtais for best full-length play. Arlen House published three of these plays in Mná Dána (2009). In the same year the Abbey Theatre presented a rehearsed reading of her play Casadh which it had commissioned. The short films Lorg, Seal and Cluiche, inspired by her poems, have been shown in festivals in Ireland and the US. In association with Biju Viswanath, she wrote the film Marathon which won best screenplay award at the New York International Film Festival in 2009. Also in 2009 Living Opera, in association with Opera Ireland, presented a showcase performance of the opera The Earl of Kildare, composed by Fergus Johnston, for which she wrote the libretto. Further information: www.celiadefreine.com

Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine. Tá cúig leabhar filíochta i gcló aici: Faoi Chabáistí is Ríonacha (2001) agus Fiacha Fola (2004) ó Chló Iar-Chonnachta, Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005); imram ¦ odyssey (2010) agus Aibitír Aoise ¦ Alphabet of An Age (2011) ó Arlen House. I measc na ngradam liteartha atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). Bhain sí Duais an Oireachtais do dhráma ilghníomh ceithre huaire. D’fhoilsigh Arlen House trí cinn de na drámaí seo in Mná Dána i 2009. Sa bhliain chéanna chuir Amharclann na Mainistreach i láthair léiriú cleachta den dráma Casadh a coimisiúnaíodh uaithi. Taispeánadh na gearrscannáin Lorg, Seal agus Cluiche, bunaithe ar dhánta léi, i bhféilte in Éirinn agus i Meiriceá i 2007 agus 2008. I gcomhar le Biju Viswanath scríobh sí an scannán Marathon a bhain an duais don script is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Nua-Eabhrac i 2009. Sa bhliain 2009 léirigh Living Opera, i gcomhar le Opera Ireland, taispeántas den cheoldráma The Earl of Kildare, cumtha ag Fergus Johnston, ar scríobh sí an leabhróg dó. Tuilleadh eolais: www.celiadefreine.com


Dorchadas

Liam Ó Flaithearta

Dorchadas

ISBN: 9781851320370

Tuigeadh an dráma seo a bheith caillte le fada an lá, ach tar éis don eagarthóir an lámhscríbhinn a aimsiú i gcartlann Mheiriceánach, seo anois téacs Dorchadas tagtha chun solais den chéad uair ó stáitsíodh é in Amharclann na Mainistreach in 1926. Tragóid trí ghníomh leis an mórscríbhneoir dátheangach Liam Ó Flaithearta a rugadh in Árainn in 1896 é Dorchadas nár foilsíodh riamh go dtí anois.

Baineann Dorchadas le tréimhse i saol Uí Fhlaithearta nuair a bhí sé i mbarr a réime mar údar: Spring Sowing (1924), The Black Soul (1924), The Informer (1925), Mr. Gilhooley (1926). Ó thaobh na Gaeilge de, ba é seo an tréimhse inar scríobh sé cuid de na gearrscéalta is fearr sa teanga: ‘An Fiach’, ‘Daoine Bochta’ agus an sárscéal ‘Bás na Bó’. Tá Dorchadas ar cheann de na drámaí is conspóidí agus is tábhachtaí dá bhfuil againn sa Ghaeilge. Tá sé i gcló faoi dheireadh le réamhrá cuimsitheach a chaitheann solas nua ar shaol pearsanta Uí Fhlaithearta agus a chíorann go mion an teannas polaitiúil agus cultúrtha a bhain le scríobh agus léiriú an drama chomh maith le cinneadh an Ghúim gan é a fhoilsiú. Tá athghabháil anseo ar cheann de shaothair liteartha mhóra na drámaíochta Gaeilge le duine de shárscríbhneoirí próis na Gaeilge.


Mna Dana

Celia de Fréine

Mna Dana

ISBN:

9781903631355 hardback

9781851322046 paperback

Available from

Kennys

Book Depository

Anraith Neantóige Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2003

Ardmholadh, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004

Cóirín na dTonn Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2004

Ardmholadh, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004

Tearmann Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2006

Duais Fhoras na Gaeilge Lios Tuathail 2006

Is file, drámadóir agus scriptscríbhenoir í Celia de Fréine. Tá trí leabhar filíochta i gcló aici: Faoi Chabáistí is Ríonacha (Cló Iar-Chonnachta, 2001), Fiacha Fola (Cló Iar-Chonnachta, 2004) agus Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005). I measc na ngradam liteartha atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004).

Taispeánadh na gearrscannáin Lorg, Seal agus Cluiche, bunaithe ar dhánta léi, i bhféilte in Éirinn agus i Meiriceá in 2007 agus 2008. In 2008 scríobh sí an scannán Marathon www.marathonthemovie.com i gcomhar le Biju Viswanath. In 2009 léirigh Living Opera, i gcomhar le Opera Ireland, taispeántas den cheoldráma The Earl of Kildare, cumtha ag Fergus Johnston, ar scríobh sí an libretto dó. Tuilleadh eolais: www.celiadefreine.com


Lorcan O Tuathail: Dramadoir Mhaigh Cuilinn

Nollaig Mac Congáil

Lorcan O Tuathail: Dramadoir Mhaigh Cuilinn

ISBN: 9781851321704

Available from

Kennys

Book Depository

Rugadh Lorcán Ó Tuathail i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1870 agus, gí nár gealladh saol fada dó, bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge i scoil Theach na mBocht i nGaillimh, áit ar scríobh sé a chuid drámaí, ina mhúinteoir taistil i gCo. Mhuineacháin agus i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus, i ndeireadh ama, ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí. Chomh maith leis an dráma An Deoraí a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, scríobh sé drámaí eile, ina measc, Lá an Chíosa agus Dónall Diaganta.

Tá saothar iomlán Lorcáin Uí Thuathail, an méid a raibh teacht air, ar fáil anois sa leabhar seo atá curtha in eagar ag Nollaig Mac Congáil chomh maith le cuntas ar a shaol.


Drama

Drama

Nothing found.