Smidhead / Makeup

Deirdre Brennan

Smidhead / Makeup

ISBN: 9781851322619

Candy: Tá brón orm. Níl a fhios agam cad a tharla dom. I sárdhomhan b’fhearr liom bheith im bhanréalta scannán ag caitheamh éadaí grástúla nó bheith im thiománaí i rásanna Formula a haon. Nílim ag rá gur míbhuntáiste é bheith mar atáim ach nach mbímid go léir i gcónaí ar thóir súilíní. Bím uaigneach ó am go ham in ainneoin bhur gcairdis. Is aoibhinn liom siopadóireacht is ba bhreá liom lingerie a cheannach go hoscailte gan bheith ag breathnú thar mo ghualainn. Na rudaí go léir, a nglacann sibh leo go nádúrtha, ní mar an gcéanna dom. I sárdhomhan bheinn níos mó ar mo shuaimhneas liom féin. Ar an lámh eile dá gcloisfeadh sibh mo phearóid nuair a bhím gléasta suas chun dul amach oícheanta agus an fheadaíl a bhíonn ar siúl aici! Tá sí chomh greannmhar. I láthair na huaire táim ag múineadh Gaeilge di trí mheán na foghraíochta.

It’s ok, honey. I’m sorry. Don’t know what got into me. To answer your question, in a super world, I would choose to be born a fully-female being. That’s to say I wouldn’t have a shadow of male hormones hovering in my body. Not that it’s any disadvantage being as I am, but you girls know that I’m often lonely in spite of your friendship. I could shop wherever I liked, buy lingerie without looking over my shoulder. Do all the things you take for granted. In an ideal world I’d be more at ease with myself. And girls, if you could only hear my parrot when I’m dressed for an evening out. His cat whistles after me are a riot. Currently I’m teaching him the bit of Gaeilge phonetically.


Eachtraí Mara Phaidí Pheadair As Toraigh

Séamus Mac a’ Bháird

Aingeal Nic a’ Bháird, Caoimhín Mac a’ Bháird, Nollaig Mac Congáil, Eagarthóirí

Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh

ISBN: 9781851322237

Available from

Siopa

Gí gur daingean Gaeilge atá in oileán Thoraí leis na céadta bliain, chan ionann is oileáin Ghaelacha eile ar chósta na hÉireann, níl cáil na scríbhneoireachta ar an oileán seo. Dá thairbhe sin cuirimid fearadh na fáilte roimh an úrscéal bhreá seo ó dhuine de mhuintir an oileáin, mar atá, Séamus Mac a’ Bháird, a scríobhadh sa chéad cheathrú den aois seo caite. Leabhar eisceachtúil atá ann ar go leor bealaí – scéal ar shaol dhrabhlásach Phaidí Pheadair ó cheann ceann na cruinne, scéal atá lán d’eachtraíocht, saol de chineál nach gcastar orainn de ghnáth i litríocht na Gaeilge agus é sin scríofa i gcanúint shaibhir Thoraí nach bhfuil ar bhéal na ndaoine níos mó. Solamar breá ón tseanaimsir.


Laoithe Cumainn Agus Danta Eile

Cathal Ó Searcaigh

Laoithe Cumainn Agus Danta Eile

ISBN: 9781851322602

‘Cathal Ó Searcaigh – one of the finest poets in Ireland, and one of the very best in the Irish language in this century and the last – has been writing and honing and perfecting his craft for nearly half a century. And ‘craft’ does indeed have to be emphasised in every cranny of his work. Even to look at a page in one of his many books without reference to context or meaning we immediately see a shape and an art and a form. A reading of the poems will see how the language and the contours have been welded together to make an artistic whole’

– Alan Titley, Dublin Review of Books, 2020

Ó Searcaigh’s unique sensitivities and language mark him as one of the most important voices in Irish poetry in the last century. For me, his ongoing affair with his native Donegal landscape is unsurpassed in its subtle understandings of people and place

– Cathal Póirtéir, Books Ireland, 2019


In Response To Rilke

Celia de Fréine

I bhFreagairt ar Rilke / In Response To Rilke

ISBN: 9781851322411

Available from

Kennys

Book Depository

Cé gur fearr aithne ar Rainer Maria Rilke i ngeall ar a shaothar Gearmáinise, scríobh sé os cionn ceithre chéad dán i bhFraincis freisin. Le linn do Celia de Fréine seal a chaitheamh sa Centre Culturel Irlandais i bPáras chuir sí aithne ar an saothar seo agus ar an bhfear féin. Bhíodh cónaí air gar don áit ina raibh sí lonnaithe agus cuairt tugtha aige ar roinnt mhaith áiteacha roimpi amach. Tá an leabhar seo scríofa i bhfreagairt ar an láithreacht sin agus ar a shaothar Fraincise, go háirithe an leabhar, Migration des Forces.

Although Rainer Maria Rilke is better known for his work in German, he also wrote more than four hundred poems in French. During a residency at the Centre Culturel Irlandais in Paris, Celia de Fréine became familiar with this work and with the man himself. He had lived near where she was based and had visited before her many of the places she frequented. This book is written in response to that presence and to his French oeuvre, in particular the book, Migration des Forces.


Múscail, A Ghiorria

Eithne Ni Ghallchobhair

Múscail, A Ghiorria

ISBN: 9781851322404

Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsir i leith an tsaoil agus nádúr an duine – an dá chineál, óg agus aosta, cairde agus céile comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhair in am an ghátair, agus ag roinnt eolas praiticiúil agus gaoise go fial ar chách.

Coincheap ársa is ea cumas na caillí í féin a chlaochlú, gné shuaithinseach den scéalaíocht ó ré na meánaoise anonn, tréith atá le sonrú go háirithe sna heipicí clasaiceacha, Tochmharc Éadaoine agus Oidhe Chlainne Lir, atá fite go deas fileata isteach i scéal an ghiorria. Sa saothar seo téann an t-údar i ngreim go meabhrach, físiúil le téamaí suntasacha ón éigse béil, téamaí atá chomh hábhartha inniu is a bhí riamh.

– An Dr Criostóir Mac Cárthaigh

Cnuasach Bhéaloideas Éireann


The Boyne and the Sea

Liam P. Ó Riain

An Bhóinn agues an Bhóchna / The Boyne And The Sea

ISBN: 9781851322053

Available from

Kennys

Fear ildánach ab ea Liam P. Ó Riain (William P. Ryan) a rinne breis agus a chion féin do chúis na hathbheochana náisiúnta i dtús na haoise seo caite – sóisialaí, misteach, iriseoir, eagarthóir, aighneasóir, staraí, file, drámadóir agus úrscéalaí i nGaeilge agus i mBéarla. Leabhair dá chuid is ea The Plough and the Cross (1910), The Pope’s Green Island (1912), Caoimhghin Ó Cearnaigh (1913) agus Gaedhealachas i gCéin (1933). D’fhoilsigh Alan Titley eagrán nua de Caoimhghin Ó Cearnaigh in 2014. Tá an chuid is mó de na téamaí a phléigh an Rianach san úrscéal sin pléite arís in An Bhóinn agus an Bhóchna, a céadfhoilsíodh mar shraithscéal in An Claidheamh Soluis idir na blianta 1915–6, agus atá i gcló anseo den chéad uair i bhfoirm leabhair. Is é atá anseo ná eagrán caighdeánaithe de bhuntéacs an úrscéil sin mar aon le réamhrá agus le haistriúchán Béarla a thabharfaidh léargas úr ar fhealsúnacht mhistiúil agus ar chlár praiticiúil an Rianaigh le haghaidh na hAthbheochana do léitheoirí an lae inniu.

Liam P. Ó Riain (William P. Ryan) was a man of many talents who contributed more than his share to the cause of national revival in the early years of the twentieth century – socialist, mystic, journalist, editor, controversialist, historian, poet, dramatist and novelist in both Irish and English. Among his books are The Plough and the Cross (1910), The Pope’s Green Island (1912), Caoimhghin Ó Cearnaigh (1913) and Gaedhealachas i gCéin(1933). In 2014 Alan Titley published a new edition of Caoimhghin Ó Cearnaigh. Most of the themes dealt with by Ó Riain in that novel are explored again in An Bhóinn agus an Bhóchna, originally serialised in 1915–1916 in An Claidheamh Soluis, and first published here in book format. This book provides a standardised version of the original Irish text as well as an introduction and an English translation that will give modern readers a new insight into Ó Riain’s mystical philosophy and practical programme for the Revival.


Duilleoga Tae

Seán Mac Mathúna

Duilleoga Tae

ISBN:

9781851321292

9781851321513 limited edition

Available from

Kennys

Book Depository

Arlen House

Baineann Duilleoga Tae le laethanta deireanacha Chogadh na gCarad i gCiarraí idir sléacht Bhaile Ó Síoda i Márta na bliana 1923 agus forógra Frank Aiken ag deireadh na Bealtaine 1923. Ag croílár an dráma seo tá dhá chogadh ar siúl: ag an macraileibhéal, tá Cogadh na gCarad ina bhfuil dhá ghrúpa pholaitiúla ag iarraidh a dtoil pholaitiúil agus a mian idé-eolaíochta a chur i bhfeidhm. Ag an​ mi​crileibhéal, tá na carachtair  ag déanamh a ndíchill a dtoil phearsanta féin a chur i bhfeidhm ar charachtair eile. Ní ceiliúradh ar chogadh ná ar fhoréigean é an dráma seo, áfach​, ach​ léiriú ar choimhlint ghnáthdhaoine a gortaíodh agus a gcaitear go dona leo agus na hiarrachtaí a dhéanann siad agus na straitéisí a úsáideann siad chun buachan i ngnáthchogadh an tsaoil.​ Ag croílár an dráma seo, tá gnáthfhadhbanna gnáthdhaoine seachas imeachtaí móra na staire

– Brian Ó Conchubhair, University of Notre Dame


Dambatheanga / Damlanguage

Micheál Ó Ruairc

Dambatheanga / Damlanguage

ISBN:

9781851321056 limited edition

9781851321063 paperback

Available from

Kennys

Book Depository

Amazon.com

Arlen House

It’s High Noon and unarmed language-militants are in the trenches or lobbing language grenades over half-doors in the Gaeltacht, linguistic dambuster and poet, Seán Ó Ríordáin, is frantically manning the Inniscarra Dam so as to prevent the torrents of Jargon from flooding his beloved city, a pair of star-crossed lovers observe their love being burnt to a cinder on a bonfire at the dead of night; at the dead of night also a Nitelink is bearing a busload of lost souls towards Oblivion while in another poem a middle-aged man is endeavouring to get his Stone Boat to float.

This collection of poetry, Ó Ruairc’s first since 2001, brings into sharp focus the full range of this poet’s talents and his take on Ireland in the 21stcentury. The book reads like a poetic rollercoaster ride that is impossible to put down, veering from the sublime to the ridiculous and expressing a wide range of emotions in the process. It is a tour de force that will live long in the memory. As Cathal Ó Searcaigh so succinctly puts it in his Introduction: ‘With his keen vision for renewal he risks new options, and shapes new strategies in Gaelic verse. He is a challenger to our conformities … “a linguistic dambuster”’.

High Noon atá ann agus tá teangamhíleataigh neamharmtha sna trinsí nó ag labáil teangaghranáidí thar leathdhoirse sa Ghaeltacht, tá an dambóir teanga agus an file, Seán Ó Ríordáin, tagtha chun fóirithint a thabhairt mar dhamba Inis Cara ionas nach ndéanfaidh díle an Bhéarlagair a chathair ionúin a threascairt, féachann lánúin réaltchrosáilte ar a ngrá á dhó ar thine chnámh ag uair mhairbh na hoíche, ag uair mhairbh na hoíche freisin tá Nitelink ag iompar lán bhus d’anamacha damanta go Tír an Dearmaid faid is atá fear meánosta i ndán eile ag iarraidh a Bháid Chloiche a chur ag snámh.

Tugann an bailiúchán filíochta seo, an chéad cheann ag Ó Ruairc ó 2001, chun cruinne géire réimse iomlán tallainne an fhile seo agus a dhearcadh ar Éirinn san aonú haois is fiche. Is geall le rollchóstóir de mharcaíocht fhileata é an leabhar gur deacair é a leagan anuas, é ag scinneadh ó shúgradh go dáiríre agus ag cuimsiú réimse leathan mothúchán ag an am céanna. Tour de force atá ann a mhairfidh i bhfad i gcuimhne an léitheora. Mar a deir Cathal Ó Searcaigh go hachomair ina Réamhrá: ‘With his keen vision for renewal he risks new options, and shapes new strategies in Gaelic verse. He is a challenger to our conformities … “a linguistic dambuster”’.


Na Saighneáin

Cathal Ó Searcaigh

Na Saighneáin

ISBN:

9781851320943 hardback

9781851320950 paperback

Available from

Kennys

Book Depository

Na criticeoirí ag caint faoi Aimsir Ársa:

‘Is tobar fíoruisce é Cathal Ó Searcaigh … A fhilí óga ródhúthrachta, róbhisiúla, leagaigí síos bhur bpinn ar feadh meandair agus blaisigí an cnuasach filíochta seo. Tugaigí suntas do mhodus operandi an fhile a bhfuil ar a chumas dán iontach a dhéanamh as ní ar bith faoin ngréin’

– Mícheál Ó Ruairc, Feasta (Bealtaine 2013)

‘Cathal Ó Searcaigh has enjoyed an extremely productive period over the last few years, which has seen the appearance of his powerful An tAm Marfach ina Mairfimid (Arlen House 2011) and this latest volume Aimsir Ársa (Arlen House 2013). The poems herein demonstrate that Ó Searcaigh continues to be a powerful and important voice not only for poetry in Irish but for the craft of poetry more widely’

– Ciarán Mac Murchaidh, Poetry Ireland Review (Autumn 2013)

‘Tuigimis an méid seo: guth dochloíte é guth an tSearcaigh, guth seo a ghairme is a anama, guth síoraí, guth na filíochta, guth na Gaeilge, guth na fírinne, guth na háilleachta’

– Gabriel Rosenstock, Feasta (Iúil 2013)

‘An cumas meadarachta, an stór focal agus an raon de thuineacha, an tobar de réimsí difriúla teanga atá ag Ó Searcaigh – is láidreacht iad nach bhfuil ar dhóigh ar bith coitianta’

– Gréagóir Ó Dúill, Comhar (Bealtaine 2013)


Cuir Amach Seo Dom / Riddle Me This

Celia de Fréine

Cuir Amach Seo Dom / Riddle Me This

ISBN:

9781851320974 hardback

9781851320981 paperback

Available from

Kennys

Book Depository

Is é cuir amach seo dom : riddle me this an séú cnuasach filíochta ó pheann Celia de Fréine. Mar a thugann a theideal le fios, is freagra ar an tomhas – foirm thraidisiúnta sa tSlóivéin – atá i gceist sa dán teidil a scríobh sí le linn di a bheith sa tSlóivéin. Tá dhá shraith eile dánta sa chnuasach seo chomh maith: The Lady and the Unicorn : An Bhean Uasal is an tAonadharcach a scríobh sí i bPáras, agus Monsanto a scríobh sí sa Phortaingéil.

cuir amach seo dom : riddle me this is the sixth collection of poetry from Celia de Fréine. As its name suggests, the title poem, which she wrote while in Slovenia, takes its cue from the riddle, a traditional Slovene form. Also included in the collection are the sequences The Lady and the Unicorn : An Bhean Uasal is an tAonadharcach and Monsanto written in Paris and Portugal respectively.