Hidden Places / Scathan Eile

Deirdre Brennan

Hidden Places / Scathan Eile

ISBN: 9781851320318

This book, Hidden Places ¦ Scáthán Eile, consists of two separate collections of poetry, one in Irish, and one in English. Themes encompass ageing, the abandoned nest, emigration and exile, thresholds that can’t be crossed. Landscapes throb with the eternal pulses of the natural world and scenes of childhood are revisited along with violence, both physical and sexual, against young and old.

Deirdre Brennan is a bilingual writer of poetry, short stories and drama. Born in Dublin, she studied English and Latin at UCD followed by a H.Dip. in Education. Among her collections of poetry are: I Reilig na mBan Rialta (Coiscéim, 1984), Scothanna Geala (Coiscéim, 1989), a Poetry Ireland‘Choice of the Year’, Thar Cholbha na Mara (Coiscéim, 1993), Ag Mealladh Réalta (Coiscéim, 2000), an Oireachtas prizewinner, The Hen Party(Lapwing, 2001), Beneath Castles of White Sail (Divas, Arlen House, 2003), Swimming with Pelicans and Ag Eitilt fara Condair (Arlen House, 2007). Her short stories appear in The Irish Times, Passages, Anois, Comhar, Feasta, Lá and Foinse and have featured on RTÉ Radio 1, as did a six-part drama series, Go to Blazes. Her collection of short fiction was published as An Banana Bean Sí agus Scéalta Eile (Coiscéim, 2009). A founder member of Éigse Carlow Arts Festival in 1978, Deirdre was Chair and Secretary during its early years, and she was also a founder member of Comhaltas Ceoltóirí in Carlow, serving as Chair and Secretary.

Is scríbhneoir dátheangach í Deirdre Brennan. I measc an tsaothair óna peann tá filíocht, gearrscéalta agus drámaí. Rugadh i mBaile Átha Cliath í agus bhain sí céim amach sa Bhéarla agus sa Laidin i UCD agus ina dhiaidh sin, an tArd Teastas san Oideachas. Tá ocht gcnuasach filíochta foilsithe aici go dtí seo: I Reilig na mBan Rialta (Coiscéim, 1984), Scothanna Geala (Coiscéim, 1989), ‘Rogha Éigse Éireann’ na bliana sin, Thar Cholbha na Mara (Coiscéim 1993), Ag Mealladh Réalta (Coiscéim, 2000), a fuair duais san Oireachtas, The Hen Party (Lapwing, 2001), Beneath Castles of White Sail (Divas, Arlen House, 2003), Swimming with Pelicans agus Ag Eitilt fara Condair (Arlen House, 2007). Tá a gearrscéalta curtha i gcló ag The Irish Times, Passages, Anois, Comhar, Feasta, Lá agus Foinse agus craoladh iad ar RTÉ Raidió 1 chomh maith le sraith drámaí, Go to Blazes. Tá cnuasach dá gearrscéalta An Banana Bean Sí agus Scéalta Eile foilsithe ag Coiscéim. Ball den choiste a bhunaigh an fhéile ealaíne, Éigse Cheatharlach i 1978, bhí Deirdre ina rúnaí agus ina cathaoirleach ar feadh roinnt de bhlianta agus is duine de bhunaitheoirí Chomhaltas Ceoltóirí i gCeatharlach í chomh maith is í ag freastal mar chathaoirleach agus rúnaí.


In Castlewood

Colette Ní Ghallchóir

In Castlewood / An Ghaoth Aduaidh

ISBN:

9781851320240 paperback

9781851320349 limited edition

Available from

Kennys

Book Depository

‘With a use of language that is marvellously inventive, Colette
Nic Aodha looks life straight in the eye’ – Michael Gorman

The poems in this dual language collection explore the themes of the individual and nature as well as the individual‘s relation to the gods. In many of the lyrics the poet portrays love as a perpetual comedy bound to fail. Nic Aodha also touches upon the alienation of the artist from society although it is supposed, in the context of the life of the artist, that through such alienation comes self-knowledge. These poems do not belong to any one time or place but they find their inspiration in diverse cultural contexts and historical settings that span millennia; from Ephesus and the mythical history of the Old Hag of Beare to the glass-bottomed Catamaran.

Tá éagsúlsacht chuimsitheach le sonrú sna téamaí difriúla a shnámhann tríd an gcnuasach seo. Pléann an file an cumann idir an duine agus Rí na nDúl, chomh maith le déithe eile, ar lámh amháin agus ar an lámh eile téann sí i ngleic leis an gcumann idir an t-ealaíontóir agus an tsochaí. I gcuid mhaith dánta is ábhar grinn an grá ar a mbíonn toradh míshásúil de shíor. Is iomaí turas a bhlaisimid sa chnuasach filíochta seo. Tá difríocht shuntasch idir na dánta Gaeilge agus na cinn Bhéarla sa chaoi a dtéann na dánta Gaeilge níos doimhne i mothúcháin rómánsacha an fhile atá mar chodarsnacht leis an saol réalaíoch a bhlaisimid nuair a phléann sí an t-ábhar céanna sna dánta Béarla.

Colette Nic Aodha was born in Shrule, Co. Mayo. She studied Irish and History in NUIG where she received a BA degree. She later returned to complete a Higher Diploma in Education and a MA in Irish. She works as a secondary school teacher. Her collections include Baill Seirce (Coiscéim, 1998); Faoi Chrann Cnó Capaill (Coiscéim, 2000); Gallúnach-Ar-Rópa (Coiscéim, 2003); Ádh Mór (Coiscéim, 2004); Sundial (Arlen House, 2005); Between Curses/Bainne Géar (Arlen House, 2006); Ainteafan (Coiscéim, 2008); Scéal Ón Oirthear (Coiscéim, 2009), Raiftearaí, i gCeartlár a Dhaoine san Aonú hAois (Coiscéim, 2009); Áilíos (Coiscéim, 2010). She edited two anthologies of her students’ poetry: Pailéad an tSaoil/Palette of Life (2006) and Duilleoga/Leaves in 2011. She currently resides in Galway.

Rugadh agus tógadh Colette Nic Aodha i Sruthar, Contae Mhaigh Eo. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh áit ar bhain sí céim sa Ghaeilge agus sa Stair amach. Rinne sí an tArdteastas san Oideachas agus máistreacht sa Ghaeilge ina dhiaidh sin agus d’oibrigh sí mar mhúinteoir meánscoile ó shin. Foilsíodh na leabhair seo uaithi: Baill Seirce (Coiscéim, 1998); Faoi Chrann Cnó Capaill (Coiscéim, 2000); Gallúnach-Ar-Rópa (Coiscéim, 2003); Ádh Mór (Coiscéim, 2004); Sundial (Arlen House, 2005); Between Curses/Bainne Géar (Arlen House, 2006); Ainteafan (Coiscéim, 2008); Scéal Ón Oirthear (Coiscéim, 2009); Raiftearaí, i gCeartlár a Dhaoine San Aonú hAois is Fiche (Coiscéim, 2009); Áilíos (Coiscéim, 2010). Chuir sí dhá leabhar dá cuid daltaí in eagar; Pailéad an tSaoil/Palette of Life (2006) agus Duilleoga/Leaves (2011). Tá cónaí uirthi i nGaillimh.


Aesop I gConamara

Nollaig Mac Congáil

Aesop I gConamara

ISBN: 9780905223674

Available from

CIC.ie

I dtríochaidí an chéid seo caite thosaigh fear mór Gaeilge agus béaloidis darbh ainm Domhnall Ó Cearbhaill ag tarraingt ar Charna bliain i ndiaidh bliana. Le linn a chuid cuairteanna chuir sé eolas ar shaol dúchasach na ndaoine ansin agus aithne mhaith ar mhuintir na háite freisin. Bhí cáil ar Charna mar thobar na scéalaíochta agus na hamhránaíochta riamh agus thaifead Domhnall cuid mhaith de sheanchas agus de bhéaloideas an cheantair. Le Pádraic Mac Con Iomaire is mó a bhí sé ag plé agus d’fhoilsigh sé cuid mhór de stór seanchais Phádraic ar nuachtáin náisiúnta Bhéarla na hÉireann sna tríochaidí agus sna daichidí.

Cheap Domhnall gur mhaith an rud é dá mbeadh leaganacha dúchasacha Gaeilge ann d’fhabhalscéalta Aesóip agus iad á n-aithris ag seanchaí Gaeilge den scoth. Mheall sé Pádraic le tabhairt faoin obair agus seo anois toradh na hoibre sin a foilsíodh den chéad uair breis is seasca bliain ó shin ar an Evening Herald.


Úna Ní Fhaircheallaigh

Ríona Níc Congáil

Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Utóipeach Ghaelach

ISBN: 9780905223773

Available from

Book Depository

Amazon.com

Winner of American Conference of Irish Studies Prize

Ghnóthaigh leagan den leabhar seo duais do shaothar próis in Oireachtas na Bliana 2010, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

Is saothar nuálaíoch é Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochana in Éirinn ó aimsir an fin de siècle ar aghaidh. Trí staidéar beathaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh, an bhean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na tréimhse sin, tugtar léargas úr ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge, agus déantar athléamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht úd, bíodh an litríocht, an spórt, cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscne i gceist. Léirítear tionchar smaointeachas an útóipeachais – a raibh borradh faoi sa naoú haois déag – ar lucht na hathbheochana agus déantar scagadh ar an gcineál útóipeachais, mar atá, an fhís útóipeach Ghaelach, a ghríosaigh leasaitheoirí sóisialta an náisiúnachais chultúrtha chun cúl a thabhairt le stair ghránna an naoú haois déag agus chun malairt todhchaí a shamhlú agus a chur chun cinn in Éirinn san fhichiú haois.


Mna Dana

Celia de Fréine

Mna Dana

ISBN:

9781903631355 hardback

9781851322046 paperback

Available from

Kennys

Book Depository

Anraith Neantóige Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2003

Ardmholadh, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004

Cóirín na dTonn Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2004

Ardmholadh, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004

Tearmann Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2006

Duais Fhoras na Gaeilge Lios Tuathail 2006

Is file, drámadóir agus scriptscríbhenoir í Celia de Fréine. Tá trí leabhar filíochta i gcló aici: Faoi Chabáistí is Ríonacha (Cló Iar-Chonnachta, 2001), Fiacha Fola (Cló Iar-Chonnachta, 2004) agus Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005). I measc na ngradam liteartha atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004).

Taispeánadh na gearrscannáin Lorg, Seal agus Cluiche, bunaithe ar dhánta léi, i bhféilte in Éirinn agus i Meiriceá in 2007 agus 2008. In 2008 scríobh sí an scannán Marathon www.marathonthemovie.com i gcomhar le Biju Viswanath. In 2009 léirigh Living Opera, i gcomhar le Opera Ireland, taispeántas den cheoldráma The Earl of Kildare, cumtha ag Fergus Johnston, ar scríobh sí an libretto dó. Tuilleadh eolais: www.celiadefreine.com


Tattoo / Tatú

Nuala Ní Chonchúir

Tattoo / Tatú

ISBN: 9781903631607

Available from

In this bilingual collection, Tattoo : Tatú,  the hidden stories of both famous and ordinary women are teased out in crafted, often wry, poems: Virginia Woolf’s dying moments in ‘Virginia’s Last Walk’, a woman’s arranged marriage in ‘Cleamhnas 1933’. Nuala Ní Chonchúir works on the economy of language and, in her poetry, tone and sense meld seamlessly with her incisive, fresh word choices. There is a deepened focus and more mature concerns: sensual love and its ability to save (‘And Then’); the longevity of grief (‘Corcracht/Purpling’); the arresting power of visual art (‘Bonjour, Monsieur Gauguin’).


Swimming With Pelicans

Deirdre Brennan

Swimming With Pelicans / Ag Eitilt fara Condair

ISBN: 9781903631645

Available from

Kennys

Book Depository

In this dual language collection there are evocations of memory, poems of war, dispossession and the removal of freedom. Landscapes hold a sense of threat and foreboding, hiding the missing, the murdered, the unbaptised. Dream landscapes feature as background to the hunt for imagination and inspiration. Old deities, Celtic, Hindu or Mayan break through consciousness to claim their dues, and old languages whisper just beyond the range of hearing. Life’s transience – birth, ageing and death, including the death of children and the demolition of the old to make way for the new – is addressed in stunning sequences.


Why Irish? Irish Language and Literature in Academia

Brian Ó Conchubhair (ed.)

Why Irish? Irish Language and Literature in Academia

ISBN: 9781903631591

Available from

Kennys

Book Depository

This volume offers not only illuminating close readings of medieval tales (Tochmarc Étaíne/The Wooing of Étáin) and Alan Titley’s contemporary novels (Meirscrí na Treibhe, Stiall Fhial Feola and An Fear Dána), but important surveys of the contemporary state of the language, a critique of the 20th-century revival project and a rationale for Government policy and the international promotion of Irish. Topics include Irish bardic poetry, the contemporary Irish novel, medieval Irish prose-tales, Indo-European linguistics, comparative literature, language maintenance, socio-linguistics, and the Irish language in American Universities.


Drámaí Thús na hAthbheochana

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Nollaig Mac Congáil, Eagarthóirí

Drámaí Thús Na hAthbheochana

ISBN: 9781903631522

Available from

Kennys

Book Depository

Tréimhse iontach tábhachtach a bhí i mblianta luatha na haoise seo caite maidir le cothú an náisiúnachais (chultúrtha) agus litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann. D’imir drámaíocht na Gaeilge ról lárnach sna himeachtaí sin ar fad agus bhí sí ar an ngléas bolscaireachta ab éifeachtaí a bhí ag lucht na hAthbheochana riamh. Sa díolaim seo tá réimse fairsing de dhrámaí ilchineálacha na tréimhse sin curtha os comhair an phobail i bhfoirm sholéite le léargas breise a thabhairt ar an am cinniúnach sin.

Rugadh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh i mBaile Átha Cliath. Tá B.A. (Nua-Ghaeilge agus Spáinnis) aici ó Choláiste na Tríonóide agus M.A. (Nua-Ghaeilge) ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Faoi láthair, tá sí i mbun Ph.D. ar fhoirmeacha dúchasacha dhrámaíocht na Gaeilge agus traidisiún na n-ealaíon béil in OÉ, Gaillimh.

Rugadh Nollaig Mac Congáil i nDoire. Bhain sé B.A. agus Ph.D. amach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá sé ina bhall de Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus bhí sé mar Dhéan ar Dhámh na nDán ansin sa tréimhse 1994-2000.


Bainne Géar / Spoilt Milk

Colette Nic Aodha

Bainne Géar ¦ Spoilt Milk Rogha Dánta ¦ Selected Poems

ISBN:

9781851321537

9781851321544 limited edition

Available from

Kennys

Book Depository

Amazon.com

Arlen House

An deichiú cnuasach ó dhuine de na filí is bisiúla dá bhfuil ag saothrú na Gaeilge i láthair na huaire. Bean a gcaithfimid urraim a ghéilleadh dithe agus é thar am againn é sin a dhéanamh as feabhas agus as fiúntas a cuid filíochta. Mothú, meabhraí, máistreacht; sin iad na saintréithe a shantaím san fhilíocht. Tá na dánta seo beo beathach le héirim na dtréithe sin. Seo mórchnuasach Nic Aodha, a macnamh meáite, lánléargais féin ina dtugann sí a grinneas ar shaíocht ár gcine is ina gcuireann sí a heagnaíocht sin in oiriúint do shaol ár linne. Seo a duanaire ilghabhálach; léamh an staraí, ríomh an bhaird, ris an fhísí ar a raibh ann, a bhfuil ann, a mbeidh ann. Caithfear cluas éisteachta a thabhairt di.

With their stylistic assurance and their wildly inventive imaginative flair I have no doubt but the poems of Colette Nic Aodha are invigorating the Irish language. Many of her poems are visionary meditations; meeting places where the inner being can commune with the outer world. She relates these interior journeys with a rich immediacy and an intimacy of detail which brings the reader out to the edge of the marvellous. An essential volume.

– Cathal Ó Searcaigh